About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Thursday, 18th April, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal     8:26-40    
An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?

Labhair aingeal an Tiarna le Pilib:
Éirigh, ar seisean, agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gazá; sin é bóthar an fhásaigh.”
D
’éirigh sé agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candacae, banríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé agus bhí sé ar a shlí abhaile agus é ina shuí ina charráiste agus ag léamh Íseáia fáidh.

Labhair an Spiorad le Pilib: Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.”
Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis:
An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?” ar seisean.
Conas a thuigfinn,” d’fhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?”
agus d’iarr ar Philib suí in airde leis. Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige:
Seoladh é amhail caora chun a choscartha,
 agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.
Ó tugadh céim síos dó ní raibh cothrom le fáil aige.
Cé a dhéanfaidh trácht ar a shliocht mar tógadh as an saol seo é.”

Labhair an coillteán le Pilib:
Inis dom,” ar sé, cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?
Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr d’fhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa. Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce.
Féach, arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”
Dúirt Pilib leis: Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.”
D’fhreagair sé agus dúirt: Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.”

D’ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é. Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, d’ardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos món agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach. Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                   Sm 65
Freagra                                    Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile
Malairt
Freagra                   
Alleluia!  

1. Beannaígí dár nDia, a chiníocha, go gcluintear a mholadh os ard,
Óir is é a thug beatha dár n-anam agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.                     Freagra

2. Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh, go n-inseoidh mé a ndearna sé do m’anam.
Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéal agus rinne mé a mholadh le mo theanga.               Freagra

3.  Moladh le Dia nár eitigh mé ar m’achainí, agus nár tharraing a bhuanghrá uaim.  Freagra

SOISCÉAL          

Go raibh an Tiarna libh.                  Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         6:45-51              Glóir duit, a Thiarna.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo.

San am sin dúirt Íosa leis na slua

“Ní féidir d’aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt,
agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.
Tá sé scríofa sna fáithe: Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.
An té a chluineann teagasc an Athar,agus a fhoghlaimíonn,tagann sé chugamsa.
Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair.
Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
Mise arán na beatha. D’ith bhur n-aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás.
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh,
i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart